Aontaíonn an AE Conradh um Athchóiriú

Shínigh seacht gCeannaire Stáit agus Rialtais is fiche an Conradh um Athchóiriú le linn searmanais i Liospóin ar an 13 Nollaig 2007. An Taoiseach, an tUas Parthalán Ó hEachthairn, TD, agus an tAire Gnóthaí Eachtracha, an tUas Diarmuid Ó hEachthairn, TD, a shínigh an conradh thar ceann na hÉireann. Bhí an tAire Gnóthaí Eorpacha, an tUas Risteárd de Róiste, TD, i láthair ag an searmanas síniúcháin freisin.

Is ann don Chonradh Athchóirithe chun go bhfeidhmeoidh an tAontas Eorpach níos éifeachtaí agus níos daonlathaí chun go ndéanfaidh sé freastal níos fearr ar leasanna mhuintir na hEorpa. Freagraíonn sé do riachtanais an Aontais Eorpaigh sa lá atá inniú ann mar go bhfuil ballraíocht mhéadaithe ann.

Tharla idirbheartaíocht ar an gConradh Athchóirithe i ndiaidh gur theip ar Bhunreacht na hEorpa a dhaingniú, tar éis é a bheith comhaontaithe in 2004. Tógann an Conradh Athchóirithe cuid mhaith dá bhfuil ann ó Bhunreacht na hEorpa, ach is é atá ann sraith leasuithe ó Chonarthaí Eorpacha atá ann cheana.

Ní dhéanann an Conradh an caidreamh idir Ballstáit agus an tAontas a athrú ó bhonn. Tá cothromaíocht mhaith ann idir an gá atá le fás eacnamaíoch agus iomaíochas inbhuanaithe ar thaobh amháin agus an gá atá le ceartas agus uilechuimsitheacht shóisialta ar an taobh eile.

Deimhneoidh an Conradh Athchóirithe an stádas dlíthiúil atá ag an gCairt um Chearta Bunúsacha. Leagann an Chairt amach go soiléir na cearta a gcaithfidh meas a bheith ag institiúidí an Aontais agus na Ballstáit orthu agus dlí an Aontais á chur i bhfeidhm acu. Is iad cearta daonna, daonlathas, riail an dlí idirnáisiúnta agus meas do Chairt na Náisiún Aontaithe atá mar chroílár bheartas eachtrach an Aontais.

Rinneadh ollchóirú ar institiúidí an Aontais chun cumas a chur air na dúshláin atá amach romhainn a chomhlíonadh. Áirítear ar na hathruithe;

  • Ard-Ionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus do Bheartas Slándála a thabharfaidh comhtháthú níos mó do chur chuige an Aontais maidir le beartas eachtrach;
  • Uachtarán lánaimseartha ar Chomhairle na hEorpa chun comhordú agus cathaoirleacht a dhéanamh ar chruinniú mullaigh an AE;
  • Ról níos mó do Pharlaimintí náisiúnta i ngníomhaíochtaí an Aontais;
  • Córas nua vótála i gComhairle na nAirí chun cinnteoireacht níos éifeachtúla a dhéanamh.

Ag an am céanna, leanfaidh comhionannas iomlán a bheith ag na Ballstáit sa Choimisiún agus in Uachtaránacht Chomhairle na nAirí.

San idirbheartaíocht ag druidim leis an gConradh, d’aithin an Rialtas príomhréimsí imní d’Éirinn. Baineadh na spriocanna tábhachtacha seo amach ina n-iomláine:

  • Cinnteoireacht d’aonghuth a choimeád maidir le cúrsaí cánach;
  • A chinntiú go ndéantar ár sainchóras dlí a chosaint go hiomlán;
  • Beartas traidisiúnta na hÉireann maidir le neodracht mhíleata a chosaint.

Bhain Éire leas as an socrú speisialta a bhí aici sa réimse maidir le Ceartas agus Gnóthaí Baile (JHA). I ndáil leis na bearta amach anseo sna réimsí maidir le comhoibriú breithiúnach i gcúrsaí coiriúla agus comhar póilíneachta, beidh rogha ag Éirinn ar bhonn cás-ar-chás a bheith rannpháirteach nó gan a bheith rannpháirteach iontu. Tá dearbhú déanta ag an Rialtas i gceangal leis an gConradh Athchóirithe a chuirfidh béim ar an aidhm dul i dteannta lenár gComhpháirtithe AE nuair is féidir.